'Deir Kate gur príomhtheachtaireacht na tuarascála seo ná go bhfuil na meáin shóisialta ag cruthú spásanna nua inár féidir le daoine mionteangacha a chloisteáil agus a labhairt.' @FOSTERLANG_EUR rte.ie/gaeilge/2026/1…
Glao ar Iarratais: Tuarascáil Taighde ar ‘na Straitéisí Gaeilge’ Rialtais (thuaidh & theas) 📊
Glao ar iarratais ó thaighdeoirí, anailísithe, eagraíochtaí taighde, sainchomhairleoirí, ollscoileanna, nó aon chomhlacht nó eagraíocht eile lena mbaineann, chun taighde agus anailís a dhéanamh ar an dá Straitéis Ghaeilge mar atá, An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 (ó dheas), agus An Dréacht-Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015–2035 (ó thuaidh).
📅Spriocam le haghaidh iarratais: 4pm, Céadaoin 25 Samhain 2026
Aidan Kinsella ón bhfeachtas IMEASC ag labhairt faoin mbearna shuntasach atá ann idir an t-éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge agus na háiteanna atá ar fáil faoi láthair timpeall na tíre👇 newstalk.com/podcasts/highl…
Cuirimid fáilte roimh thogra nua Gaeilge de chuid an Uachtaráin Catherine Connolly, & táimid ag tnúth le hÁras an Uachtaráin a fheiceáil ina lárionad don Ghaeilge.
Agus @SnaGaeilge ag ceiliúradh 125 bliain i 2027, tá súil againn go mbeidh imeachtaí speisialta ar siúl san Áras chun an chloch mhíle stairiúil seo a chomóradh! 💚